Nuair a sroich muid an Oileán Thuaidh i mí na Nollaig cheannaigh muid veain i Wellington chun taisteail thart. Caith muid thart ar seachtain I Wellington agus buail muid le mo chara Rowan ansin. Tá Wellington i suíomh álainn le farraige agus sléibhte timpeall an cathair uilig.
Tar éis Wellington chuaigh muid suas chuig lár an oileán áit a rinne muid an trasnú Tongariro. Súilóid i ceantair bolcánach a úsáidtear mar Mordor sna ‘Lord of the Rings’. Tá cuid mhór den bealach tríd má lom de carraigeacha dubh agus dearg. Ón barr tá radharcanna de na trí lochanna gorm agus an cráitéir dearg, nuair a glannan na scamaill.
Ansin chuaigh muid go dtí an ceantair timpeall an sliabh Taranaki, bolcán mór eile ana cosúil le sliabh Fuji sa Seapáin agus úsáidtear é mar sliabh Fuji sa scannán “The Last Samurai”. Gach áit a théann tú ar an ceanntíre tá radharcanna iontach agat den sliabh.
Tar éis Taranaki chuaigh muid suas go dtí Rotorua an capitéil de gníomhaíocht bolcánach i Nua Shéalainn. Tá cúpla géasar gníomhach timpeall an baile agus boladh de uibheacha gach áit mar gheall ar an sulfair san aeir. Ag imeall an loch tá tú ábalta poll a tochailt sa gaineamh agus folcadán beag nádurtha de uisce té a cruthú duit féin.
ó Rotorua chuaigh muid suas go dtí an Coromandel agus ansin thuas go dtí an ceantair d’arbh ainm Northlands. Fásann na crainn mhóra, Kauri sa Coromandel agus Northlands agus chonaic muid roinnt mhaith acu ansin. Ar an drochuair níl móran Kauris fágtha anois. Gearradh cuid mhór acu síos nuair a thánaig daoine ó Eoraip agus anois tá galar ag ionsaigh na crainn atá fágtha.
I Northlands chuaigh muid an bealach uilig suas go dtí an pointe is faide thuaigh i Aotearoa, Rinn Reinga. Is áit naomha í do na Maori mar chreideann siad go fágann spioraid na marbh an domhain seo ó Reinga. Ar an bealach suas ansin stop muid ag na dumhcha mhóra ag Te Paki, chun dul ag sleamhnadh síos na dumhcha ar tonnchlár coirp! 🙂
Chaith muid Nollaig deas i Palmerston Thuaidh le Rowan agus a deirifuir agus a fear chéile. Bhí béile mór blasta againn ag suigh taobh amuigh sa ghrian agus an lá ina dhiaidh sin chuaigh muid go dtí an trá fresin. 🙂
Tar éis Palmerston chuaigh muid trasna chuig Napier agus Gisborne. Rinne muid súilóid iontach gar do Napier ar sliabh d’arbh ainm Te Mata. Bhí radharcanna iontach ón barr. Chaith muid an oíche sin sa veain in aice le eas agus sa maidin bhí muid ábalta dul ag snámh sa linn ag bun an eas. h
Ní raibh a lán t-am againn i Gisborne mar bhí muid ag dul suas go dtí féile i Auckland ach bhí an ceantair go deas agus tá súil agam go beidh muid ábalta filleadh go dtí an áit am éigeann.
Bain muid an sult as an féile. Bhí go leor bannaí ceoil maith an, go hairithe, Wild Marmalade agus Kalidad. Bhí ceardlainne an do yoga agus drumáil agus rinne muid ceardlann amháin do Haka fresin. Bain muid an sult as sin.
Nuair a chríochnaigh muid ar taisteal i mhí Márta agus bhog muid síos go dtí Kirikiriraoa (Hamilton). Thosaigh Hannah ag obair san oispidéal ansin agus fuair mé obair sealadach ar feirm fraochán gorm. Thart ar seachtain tar éis bhogadh isteach sa teach nua, chuaigh Aotearoa isteach i dianghlasáil mar freagra do Covid-19. Bhí ádh orainn go raibh muid inar chóinnigh le daoine deas agus bhí peata nua againn fresin. Cat greannmhar d’arbh ainm Suki. Fuair muid go leor leabhair amach as an leabharlann fresin roimh an dianghlasáil ionas go mbeidh go leor le léamh againn i rith an tréimhse fada sa teach! 🙂